Teach na nAmhrán

Suíomh cónaithe do cheardlanna, do chúrsaí, agus do shaoire ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, i gCo. Dhún na nGall, Éire

Áilleacht fhiáin, radhairc iontacha, tránna agus sléibhte den scoth, ceol traidisiúnta sna tábhairní áitiúla, agus insroichte ar an gcóras iompar poiblí.

Ar fáil ar cíos. Gach áis san áireamh. Áit chodlata do 12 dhuine

Ionad do cheardlanna cónaithe is ea Teach na nAmhrán atá feiliúnach do réimse leathan gníomhaíochtaí, ar a n-áirítear amhránaíocht, damhsa, ióga agus machnamh; buantalmhaíocht; agus saoire dhúlra agus shiúil. Tá áit chodlata do 12 dhuine san ionad agus lóistín breise leaba & bricfeasta ar fáil go háitiúil. Seomra mór geal atá sa phríomhsheomra ceardlainne le radhairc áille ar an Mucais.

Rinneadh athchóiriú ar an teach le déanaí agus is ag cuimhneamh ar chúrsaí timpeallachta a bhíothas agus an obair athchóirithe ar bun. Teach deas compordach atá ann le córas teasa foinse aeir agus fuinneoga le gloiniú triarach, rud a fhágann go mbíonn an teach te teolaí fiú i lár geimhridh.

Suíomh:

Tá Teach na nAmhrán lonnaithe ar Shlí cháiliúil an Atlantaigh Fhiáin, míle amháin ón bhFál Carrach agus tá bia den scoth ar fáil i gcuid de na siopaí agus de na tábhairní áitiúla. Tá tránna móra fiáin agus folmha ar an gcósta gar don teach a shíneann amach ar feadh na mílte agus a bhfuil radharc ar Oileán Thoraigh uathu. Bíonn cuma an-spreagúil ar an bhfarraige le linn aimsir stoirmiúil, ach bíonn na tránna réidhe céanna iontach le haghaidh snámha san earrach agus sa samhradh.

Tá go leor ar fáil ó thaobh caithimh aimsire agus fóillíochta de sa cheantar. Tá roinnt mhaith cúrsaí gailf a mbíonn an-tóir orthu, ceann amháin acu i san Fhál Carrach féin, tá scoil tonnmharcaíochta/spórt uisce i nDún Fionnachaidh atá in aice láimhe, agus áiteanna iontacha le haghaidh cnocadóireachta, rothaíochta agus sléibhteoireachtac chomh maith. Tá sainphlandlann iontach agus garraí i gCluain na dTor.
Tá bialanna, tábhairní agus siopa orgánach/slánbhia i nDún Fionnachaidh (15 nóiméad sa charr). Tá reilig stairiúil ann freisin i gcuimhne ar na daoine a fuair bás in aimsir gorta, agus Seanteach na mBocht, a bhfuil iarsmalann anois ann.

Níl an Mhucais, an tEargal ná Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha i bhfad uainn. Tá na seanluachanna fós in uachtar i nDún na nGall. Bíonn seisiúin rialta cheoil sna tábhairní áitiúla, áit a seinneann ceoltóirí áitiúla agus aoicheoltóirí araon seancheol agus ceol nua-aimseartha na hÉireann. Bíonn fáilte roimh dhuine ar bith ar mhaith leo páirt a ghlacadh ann. De bharr go bhfuil an Fál Carrach sa Ghaeltacht, cloisfidh tú an Ghaeilge á labhairt mórthimpeall ort.

Fáil ar cíos

Teach na nAmhrán ar fáil ar cíos le linn na bliana le haghaidh ceardlann nó saoire. Tá iarracht déanta againn na costais a choinneáil íseal ionas go mbeidh fáil ag gach duine ar an spás iontach seo agus ar an áit álainn mórthimpeall air.

Le tuilleadh eolais a fháil maidir le praghsanna agus dátaí, dean teagmháil le Candy. candy@candyverney.co.uk

Áiseanna:

    • 4 sheomra dhá leaba,
    • Seomra teaghlaigh le 5 leaba
    • Leaba thoilg agus leaba bhreise
    • Cistin/seomra bia teolaí le trealamh maith cistine agus tine oscailte
    • Seomra mór ceardlainne thart ar 30 méadar cearnach

Tá radharc álainn ar an Mucais agus ar thírdhreach tuaithe ón ngairdín – agus ó chuid mhaith den teach. Tá spásanna páirceála ann do 4 – 6 fheithicil ag an teach, agus spásanna féideartha eile gar dó. Tá an gairdín á chothú go horgánach agus tá go leor luibheanna, tom agus tor torthaí ag fás ann a bheidh aíonna in ann a ithe nuair a thiocfaidh siad in aibíocht.

Iompar:

Busanna laethúla go dtí an Fál Carrach ó Bhéal Feirste, ó Bhaile Átha Cliath agus ó Ghaillimh. Turas 30 nóiméad sa charr ó Aerfort Dhún na nGall.

Stair

Is Teach an bhFilí a bhaist na filí móra le rá, Jimmy agus Janice Simmonds, ar an teach seo ar dtús agus lárionad liteartha a bhí ann ar feadh breis is 20 bliain a mbíodh cuairteoirí ag tarraingt air go rialta, Séamus Heaney ina measc. Díoladh an teach le déanaí le Candy Verney, ar thug a cuid oibre mar threoraí cóir inspreagadh don iliomad amhránaí le breis is scór bliain anuas. Tá nasc láidir idir an chaoi a n-úsáideann Candy an amhránaíocht chun athrú a spreagadh agus pobail a chothú le stair an tí. Cúis ríméid do Candy go gcoinneofar nádúr ealaíonta an tí amach anseo.

Beidh ceardlanna agus cúrsaí cónaithe amhránaíochta/cumadóireachta á reáchtáil ag Candy agus a cuid comhghleacaithe.